Comhad Eolais OpenOffice.org 3.3

Le haghaidh na nuashonruithe is déanaí don chomhad seo, féach ar http://www.openoffice.org/welcome/readme.html

Tá eolas tábhachtach sa chomhad seo faoin gclár seo. Léigh é go cúramach roimh dhul i mbun oibre, le do thoil.

Ba mhaith le Comhphobal OpenOffice.org, ar a bhfuil sé de chúram an táirge seo a fhorbairt, cuireadh a thabhairt duit bheith i do bhall den chomhphobal. Agus tú i d'úsáideoir nua, tig leat eolas úsáideach a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin OpenOffice.org ag http://www.openoffice.org/about_us/introduction.html

Léigh freisin an méid thíos faoi bheith páirteach i dtionscadal OpenOffice.org.

An bhfuil OpenOffice.org saor in aisce do chách, i ndáiríre?

Tá OpenOffice.org saor in aisce do chách. Tá cead agat an chóip seo de OpenOffice.org a shuiteáil ar an oiread ríomhairí agus is mian leat, agus é a úsáid le haghaidh cibé gnó a theastaíonn uait (tráchtáil, rialtas, riarachán poiblí agus oideachas san áireamh). Le haghaidh tuilleadh eolais, feic an téacs ceadúnais a tháinig le OpenOffice.org nó http://www.openoffice.org/license.html

Cén fáth a bhfuil OpenOffice.org saor in aisce do chách?

Tá tú in ann an chóip seo de OpenOffice.org a úsáid inniu saor in aisce mar thoradh ar an dearadh, forbairt, tástáil, aistriúchán, doiciméadú, tacaíocht, margaíocht agus cabhair eile a rinne rannpháirtithe aonair agus urraitheoirí corparáideacha ionas go mbeadh OpenOffice.org ar an bpríomhbhogearra oifige foinse oscailte.

Má tá tú buíoch as a gcuid oibre, agus más mian leat cinntiú go leanfaidh OpenOffice.org amach anseo, smaoinigh le do thoil faoi bheith rannpháirteach sa tionscadal - féach ar http://contributing.openoffice.org chun tuilleadh eolais a fháil.

Nótaí Suiteála

Riachtanais Chórais

Tá réimse leathan de dháileacháin Linux, agus fiú i ndáileachán amháin is minic roghanna éagsúla suiteála a bheith ar fáil (KDE vs Gnome, srl.). Bíonn a leagan ‘dúchasach’ de OpenOffice.org ag dáileacháin áirithe, a d'fhéadfadh gnéithe a bheith iontu atá difriúil ón OpenOffice.org Comhphobail seo. Uaireanta is féidir an OpenOffice.org Comhphobail a shuiteáil ag an am céanna agus an leagan ‘dúchasach’. De ghnáth, áfach, bíonn níos sábháilte an leagan ‘dúchasach’ a bhaint roimh shuiteáil an leagan Comhphobail seo. Lorg eolas faoi conas é sin a dhéanamh i ndoiciméadú do dháileacháin.

Moltar duit cúltaca a dhéanamh ar do chóras nuair a shuiteálann tú bogearraí nua, nó nuair a bhaineann tú bogearraí ó do chóras.

Cinntigh go bhfuil go leor spás saor agat i gcomhadlann shealadach do chórais agus go bhfuil cead léite, scríofa agus reatha agat ann. Dún gach clár eile roimh thús a chur leis an tsuiteáil.

Neamh-chomhoiriúnacht: Bunachar Sonraí Eisínteachta

Nuashonraíodh Berkeley DB sa leagan seo de OpenOffice.org. Mar gheall ar an nuashonrú seo, tá neamh-comhoiriúnacht nua ann a bhaineann le sonraí úsáideora le haghaidh eisínteachtaí a suiteáladh i leaganacha de OpenOffice.org roimh 3.2. Seans go mbeadh ort aire a thabhairt don fhadhb seo dá n-íosghrádófá do leagan de OpenOffice.org.

Nuair a shuiteálfar nó a bhainfear eisínteachtaí, tiontóidh an leagan seo de OpenOffice.org do bhunachar sonraí eisínteachtaí go dtí formáid atá comhoiriúnach don Berkeley DB nua. Tar éis an tiontaithe, ní bheidh an bunachar sonraí inléite ag seanleaganacha de OpenOffice.org. Má íosghrádaíonn tú go dtí seanleagan de OpenOffice.org, ní oibreoidh sé mar is ceart.

Má íosghrádaíonn tú go dtí leagan níos sine de OpenOffice.org, ní mór duit comhadlann na sonraí úsáideora {user data}/uno_packages a bhaint, mar shampla ~/.openoffice.org/3/user/uno_packages, agus gach eisínteacht a athshuiteáil.

Fadhbanna le linn Thosú an Chláir

Má bhíonn fadhbanna tosaithe agat le OpenOffice.org (agus Gnome in úsáid agat go háirithe), díshocraigh an athróg thimpeallachta SESSION_MANAGER sa bhlaosc a úsáideann tú chun tús a chur le OpenOffice.org. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an líne "unset SESSION_MANAGER" a chur ag tús na scripte blaoisce soffice atá sa chomhadlann "[fillteán OpenOffice]/program".

Is minic tiománaí an chárta ghrafaice a bheith freagrach as fadhbanna i dtosú OpenOffice.org (m.sh. stopann feidhmchláir) chomh maith le fadhbanna i dtaispeáint ar an scáileán. Má tharlaíonn fadhbanna mar sin, nuashonraigh tiománaí do chárta ghrafaice nó bain triail as an tiománaí atá mar chuid de do chóras oibriúcháin. Go minic is féidir fadhbanna i dtaispeáint réada 3T a réiteach tríd an rogha "Úsáid OpenGL" a dhíchumasú in 'Uirlisí - Roghanna - OpenOffice.org - Amharc - Amharc 3T'.

Aicearraí

Ní féidir ach aicearraí méarchláir (teaglamaí eochracha) nach bhfuil in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in OpenOffice.org. Mura n-oibríonn teaglaim eochracha in OpenOffice.org sa dóigh a ndéantar cur síos uirthi i gCabhair OpenOffice.org, féach an bhfuil an t-aicearra sin in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na heochracha atá socraithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar bith in OpenOffice.org a athrú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach i gcáipéisí cabhrach OpenOffice.org nó do chórais oibriúcháin.

Glasáil Comhaid

Tá glasáil comhaid cumasaithe mar réamhshocrú in OpenOffice.org. Ar líonra a úsáideann an prótacal NFS (Network File System), ní mór deamhan glasála do chliaint NFS a bheith ar siúl. Chun glasáil a dhíchumasú, cuir an script soffice in eagar agus athraigh an líne "export SAL_ENABLE_FILE_LOCKING" go "# export SAL_ENABLE_FILE_LOCKING". Má dhíchumasaíonn tú glasáil, beidh daoine seachas an duine a d'oscail an cháipéis i dtosach báire in ann scríobh air.

Rabhadh: is féidir an ghlasáil chomhad a bheith freagrach as fadhbanna le Solaris 2.5.1 agus 2.7 agus iad úsáidte le Linux NFS 2.0. Más amhlaidh do thimpeallacht chórais, moltar go láidir úsáid na glasála comhad a sheachaint. Murach sin, stopfaidh OpenOffice.org má dhéantar iarracht comhad a oscailt ó chomhadlann atá feistithe le NFS ó ríomhaire Linux.

Nótaí Tábhachtacha maidir le hInrochtaineacht

Chun tuilleadh eolais maidir le gnéithe inrochtaineachta OpenOffice.org a fháil, féach ar http://www.openoffice.org/access/

Clárú

Caith seal beag, le do thoil, agus cláraigh an táirge tar éis duit an bogearra a shuiteáil. Cé go bhfuil an clárú roghnach, molaimid duit é mar cabhróidh an t-eolas leis an gcomhphobal bogearra níos fearr a fhorbairt agus riachtanais na n-úsáideoirí a fhreagairt go díreach. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal OpenOffice.org gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint. Má chaill tú an clárú ag am suiteála, is féidir leat filleadh agus clárú am ar bith trí "Cabhair - Clárú" a roghnú ón phríomh-roghchlár.

Suirbhé na nÚsáideoirí

Tá Suirbhé na nÚsáideoirí ar líne freisin agus molaimid duit é a líonadh. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé le OpenOffice.org bogadh níos tapúla i dtreo ardchaighdeáin a bhaint amach i gcruthú an bhogearra oifige is nuaí. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal OpenOffice.org gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint.

Tacaíocht d'Úsáideoirí

Za podršku unutar zajednice OpenOffice.org korisnika u Srbiji posetite http://sr.openoffice.org/podrska.html . Dopisna lista na srpskom jeziku je dostupna na e-adresi users@sr.openoffice.org. Posetite prethodnu stranicu da saznate o pretplati na listu i pretražite javno dostupnu arhivu.

За подршку унутар заједнице OpenOffice.org корисника у Србији посетите http://sr.openoffice.org/podrska.html . Дописна листа на српском језику је доступна на е-адреси users@sr.openoffice.org. Посетите претходну страницу да сазнате о претплати на листу и претражите јавно доступну архиву.

Ar an bpríomhleathanach tacaíochta http://support.openoffice.org/ gheobhaidh tú ábhair chabhrach éagsúla le haghaidh OpenOffice.org. Seans go bhfuil freagra ann cheana féin ar do cheist - féach san Fhóram Comhphobail ag http://user.services.openoffice.org nó cuardaigh cartlann an liosta ríomhphoist 'users@openoffice.org' ag http://www.openoffice.org/ma il_list.html. Nó, tig leat ceist a sheoladh chuig users@openoffice.org. Mínítear conas is féidir clárú leis an liosta (sa chaoi go bhfaighfidh tú freagra ríomhphoist) ar an leathanach seo: http://wiki.services.openoffice.org/wiki/Website/Content/help/mailinglists.

Féach ar na Ceisteanna Coitianta chomh maith, ag http://wiki.services.openoffice.org/wiki/Documentation/FAQ.

Tabhair Tuairiscí ar Fhadhbanna agus ar Fhabhtanna

Is ar shuíomh Gréasáin OpenOffice.org atá IssueZilla, an córas s'againne le haghaidh tuairiscí a thabhairt ar fhadhbanna agus ar fhabhtanna, iad a leanúint, agus iad a réiteach. Tá gach aon úsáideoir i dteideal, agus fáilte rompu, tuairisc a thabhairt ar fhadhbanna a tharlaíonn ar a n-ardán féin. Is é tuairisciú beoga ar fhadhbanna ceann de na rudaí is tábhachtaí ar féidir le comhphobal na n-úsáideoirí a thabhairt d'fhorbairt agus d'fheabhsú an bhogearra.

Conas a Bheith Páirteach

Rachadh sé go mór chun sochair Chomhphobal OpenOffice.org dá mbeifeá páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtaigh seo foinsí oscailte.

Agus tú i d'úsáideoir, is cuid luachmhar de phróiseas forbartha an bhogearra tú cheana, agus ba mhaith linn thú a spreagadh chun ról níos gníomhaí fós a bheith agat d'fhonn bheith i do chuiditheoir leis an gcomhphobal go fadtéarmach. Glac páirt, le do thoil, agus féach ar leathanach na n-úsáideoirí ag http://www.openoffice.org

Tús Maith

Is éard ab fhearr a dhéanamh le tosú ag cuidiú ná clárú le liosta nó dhó, bí ag cúlchoimhéad ar feadh tamall, agus na cartlanna ríomhphoist a úsáid chun taithí a fháil ar na hábhair a pléadh ó scaoileadh amach cód foinseach OpenOffice.org i mí Dheireadh Fómhair 2000. Nuair a bheidh tú ar do shuaimhneas, níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chun tú féin a chur in aithne do dhaoine, agus ar aghaidh leat. Má tá taithí agat ar thionscadail fhoinsí oscailte, féach an bhfuil aon rud a d'fhéadfá cabhrú leis ar ár liosta de rudaí atá le déanamh ag http://development.openoffice.org/todo.html.

Liostáil

Seo roinnt de liostaí ríomhphoist an tionscadail ar féidir leat clárú leo ag http://www.openoffice.org/mail_list.html

Bí páirteach i dtionscadal nó i dtionscadail

Is féidir leatsa cabhrú go mór leis an tionscadal tábhachtach foinsí oscailte seo fiú mura bhfuil agat ach beagán taithí ar dhearadh bogearraí nó ar ríomhchlárú. Tusa!

Ag http://projects.openoffice.org/index.html gheobhaidh tú raon tionscadal ó Logánú, Iompar agus Bogearraí Grúpa, go tionscadail chódála. Mura bhfuil tú i d'fhorbróir, féach ar an Tionscadal Doiciméadaithe nó ar an Tionscadal Margaíochta. Tá Tionscadal Margaíochta OpenOffice.org ag úsáid modhanna traidisiúnta tráchtála agus modhanna nua chun bogearraí le foinsí oscailte a chur ar an margadh, agus déantar é thar theorainneacha teanga agus cultúir. Mar sin, is féidir leat cabhrú tríd an scéal a scaipeadh agus eolas a thabhairt do do chairde faoin mbogearra oifige seo.

Cabhraigh linn trí pháirt a ghlacadh sa Líonra Margaíochta, anseo: http://marketing.openoffice.org/contacts.html, áit inar féidir leat bheith i do phointe teagmhála do na meáin, gníomhaireachtaí rialtais, comhairleoirí, scoileanna, grúpaí úsáideoirí Linux agus forbróirí i do thír agus i do chomhphobal áitiúil.

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le OpenOffice.org 3.3 agus go mbeidh tú linn ar líne.

Comhphobal OpenOffice.org

Cód Foinseach Úsáidte/Athraithe

Portions Copyright 1998, 1999 James Clark. Portions Copyright 1996, 1998 Netscape Communications Corporation.